Louis de paor biography for kids


Louis de paor biography for kids.

Máire mhac an tsaoi poems

Louis de Paor

Is cuimhin liom na chéad fhocail Ghaeilge gur cuimhin liom a léamh agus a chlos. Bhíodar ansan romham ar an gcéad leathanach den gcéad leabhar Gaeilge a tugadh dúinn sa bhunscoil.

Cupán.

Fochupán.

D’aithníos brí an chéad fhocail óna cholceathrar Béarla, é curtha as a riocht ag an síneadh fada a thug a fhuaim níos giorra do leagan Béarla eile a raibh cleachtadh maith againn air.

Cop on!

Bhí an tarna focal níos aite fós, is gan aon leide ina dheilbh a cheanglódh lenár saol laethúil Béarlúil é.

Ba chuige sin na pictiúir, is dócha, cupán agus sásar os cionn na bhfocal a chomharthaigh iad – tá a fhios agat fhéin na háraistí gorma agus bána sin a bhí coitianta fadó fadó in Éirinn, a chuirfeadh laethanta fada samhraidh i dtigh aintín fén dtuath i gcuimhne dhuit níos faide anonn id shaol.

Is sa chéad leabhar Gaeilge is túisce a chonaic mé féin iad, áfach, is ní raibh aon dealramh acu leis na gréithre a bhí againn féin sa bhaile. Bhíodar chomh deoranta lem thaithí linbh

Copyright ©gnunuke.pages.dev 2025